Skip to main content
Strategic Plan

Ionchuimsiú Gníomhach

Ionchuimsiú Gníomhach

Ba chóir saol gníomhach a bheith inrochtana do chách. Cinntíonn Ionchuimsiú Gníomhach go bhfuil an deis ag daoine – beag beann ar a leibhéal cumais, a gcúlra, agus dálaí a saoil – sult a bhaint as gníomhaíocht choirp.

Cuirimid cláir shaincheaptha agus imeachtaí ar fáil chun freastal ar riachtanais na ndaoine a mbíonn deacrachtaí acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí. Ina measc sin tá laethanta spóirt, seisiúin corpacmhainne oiriúnaithí, agus tionscnaimh atá spriocdhírithe ar dhaoine faoi mhíchumas.

Is é an aidhm atá againn ná timpeallacht fháilteach agus thacúil a chruthú ina spreagtar gach duine a bheith muiníneach astu féin agus páirteach sa phobal. Bímis ag obair le chéile le cinntiú nach bhfágtar duine ar bith i gContae Átha Cliath Theas ar lár maidir le saol gníomhach.